De La Salle College Dundalk


Go to content

Main menu:


Seachtain na Gaelige

Subjects > Irish


Seachtain na Gaeilge

" Beatha Teanga Í a Labhairt" a deir an seanfhocal agus déantar gach iarracht i gColáiste De La Salle an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealaí atá sultmhar, nua-aimseartha. Blaiseann na daltaí mar theanga bheo bheathach í agus baineann said idir thairbhe agus thaitneamh aisti.

Ceiliúrtar Seachtain na Gaeilge sa scoil gach bliain agus glacann pobal iomlán na scoile páirt inti, daltaí agus múinteoirí araon! Is iad na daltaí féin a eagraíonn formhór na n-imeachtaí agus déanann said an obair go fonnmhar. Seo thíos cúpla sampla d'imeachtaí na Seachtaine:

" Bíonn comórtais éagsúla ar siúl a spreagann suim sa teanga, trí sheanfhocail, logainmneacha agus an dúlra, mar shampla, agus bíonn an-chraic á bhfuascailt!
" Iarrtar ar mhúinteoirí úsáid a bhaint as pé "cúpla focal" atá acu féin sa rang agus cuirtear liosta nathanna coitianta don seomra ranga ar fáil dóibh chuige sin.
" Eagraítear Biongó do na sóisir agus baineann said an-sult as.
" Cuirtear caifé, comhrá agus craic ar siúl do na sinsir atá ag ullmhú don bhéaltriail agus baintear tairbhe agus taitneamh as an deis chainte.
" Spreagtar cumas ealaíne na ndaltaí le comórtas póstaer chun an teanga a chur chun cinn sa scoil. Crochtar ar fud na scoile iad.
" Seinneann an grúpa traidisiúnta dúinn i rith na Seachtaine agus bíonn lucht éisteachta mór i láthair ag an seisiún, don cheol agus don scléip.
" Is é an Tráth na gCeist Boird buaicphointe na Seachtaine agus déantar iarracht gach bliain na múinteoirí a shárú. Bíonn géariomaíocht ann agus an-chraic go deo!
" Bronntar duaiseanna ag deireadh na seachtaine agus is iontach an líon daltaí a ghlacann páirt sna comórtais agus i spiorad na seachtaine.

Níl anseo ach sampla beag d'imeachtaí Gaeilge sa scoil, ach is léir go bhfuil áit ar leith ag ár dteanga dhúchais i saol na scoile . " Ní neart go cur le chéile!"

Buaitheoirí 2009

Tráth na gCeist Boird
Sa chéad áit:
Rónán Ó Maoláin, Antaine Vize, Breandán Mac Ruairí, Cóilín Ó Dualaigh
Sa dara háit:
Freidrich Ó Duinn, Ruairí Ó Maolchalainn, Conchúr Ó Mainnín, Niall Ó Ruanaigh
Sa tríú háit:
Gabhann Ó Maoileoin, Darach Ó Conghaile, Daithí Mac Aonghusa, Conchúr Mac Gabhann

Biongó na Sóisear:
Seán Mac Dáibhí, Darach Mac Aodha

Comórtas na mBláthanna:
Seán Mac an Ghiolla, Antaine Ó hAodháin, Niall Ó Sé, Fearghal Mac Chill Chainnigh

Lúbra na nÁiseanna:
Aindriú Mac an Déanaigh, Aaron Ó Broin, Conchúr Ó Braonáin, Brian Ó Rónáin

Comórtas na bPóstaer:
Rónán Ó Siadhail, Aaron Mac Mathúna, Rian Mac Amhlaoibh, Rónán Ó Maolbhuaigh, Conchúr Ó Broin, Darren Ó Lionnáin.

Labhair í agus mairfidh sí!





BackPlayNext

Home Page | General information | De La Salle | Current Events/ News | Subjects | Sports | Students' Council | Charity Work | Library | Links | Archives | Site Map




Back to content | Back to main menu