Main menu:
Subjects > Irish
Don chéad uair i gColáiste De La Salle, ghlac foireann ón scoil páirt i gcomórtas díospóireachta Gael Linn. Ba iad Crístóir Ó hEodhagáin, Ciarán Sunderland agus Seosamh Ó Maoláin ball na foirne don chéad babhta, a bhí ar siúl i gColáiste na hInse. Ba é an rún ar an oíche ná 'Tá déagóirí na linne seo ina sclábhaithe ag an idirlíon'. D'éirigh thar barr leis an bhfoireann agus chuaigh said ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile. Roimh an dara babhta, d'éirigh Seosamh tinn agus tháinig Conchur Mac Giolla Bhríde isteach san fhoireann. Bhí an-iarracht déanta ag an bhfoireann ar an oíche leis an rún, "Beannacht í an Eisimirce'. Ar an drochuair, níor éirigh leo an babhta seo. Tá an scoil an-bhródúil as a gcuid n-iarrachtaí.
Táimid go léir ag tnúth leis an gcéad bhliain eile.